top of page

Mat na Maitice

foghlaim tg4.png
cúla4.png

Tá lúchair ar Clean Slate TV a fhógairt go bhfuil an tsraith úrnua “Mat na Maitice” le craoladh, an chéad sraith matamaitice beo-ghníomhaíochta Gaeilge dírithe ar pháistí idir 5-9 mbliana d’aois. Craolfar an tsraith den chéad uair ar Foghlaim TG4 i mí Mheán Fómhair na bliana seo le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Tá “Mat na Maitice” deartha chun go mbeidh teacht níos fusa ag lucht féachana óg ar choincheapa laethúla matamaitice agus le go mbeidh sé tarraingteach dóibh chomh maith. Díreofar sa tsraith ar thopaicí bunúsacha amhail próisis sa mhatamaitic, tuiscint ar uimhir, tomhais, cruth agus spás. Tá sé mar aidhm ag an tsraith de dhá chlár déag cuidiú le páistí dúshláin choitianta a shárú agus grá a fhorbairt don mhatamaitic. Déanfar é seo trí charachtair a thuigfidh siad a chur i láthair agus trí scéalta ón bhfíorshaol a insint.

Cuirtear tús le gach clár le seicheamh gearrtheideal ina gcuirtear Mat in aithne, buachaill deich mbliana d’aois a bhíonn ag streachailt leis an matamaitic. I ngach clár, bíonn gné éigin den mhatamatic nach dtuigeann Mat. Tarlaíonn sé go bhfuil sárbhua na matamaitice ag a deirfiúr óg, Siún, agus cuidíonn sí leis teacht ar an réiteach sa deireadh.

Cuirtear cuspóirí foghlama an chláir isteach ansin sula dtéann an lucht féachana ar aistear foghlama le Mat agus Siún. Feicfidh an lucht féachana Mat ag caitheamh ama lena chairde, lena theaghlach, agus le carachtair eile a chuidíonn leis fadhbanna matamaitice a réiteach i gcásanna spraíúla laethúla.

Is sraith spéisiúil oideachasúil é “Mat na Maitice” a dhéanfaidh an mhatamaitic spraíúil do pháistí óga agus a ligfidh dóibh í a thuiscint níos fearr. Tá Clean Slate TV ar bís an tsraith nuálach seo a thabhairt chuig Foghlaim TG4 agus tá muid ag súil le glúin nua díograiseoirí matamaitice a spreagadh sna seachtainí amach romhainn a bhuí le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus TG4.

Mat na Maitice Mat agus Siún Press Pic.jpg

Directed by: Ceara Ní Choinn

CleanSlate.png
bottom of page