top of page

MAT NA MAITICE: AISTEOIRÍ Á LORG

Cuireann Clean Slate TV an chéad sraith matamaitice beoghníomhaíochta Gaeilge i láthair , 12 scannán x 5 bhomaite a bheidh dírithe ar pháistí 5-9 mbliana d’aois.

Beidh an tsraith spraíúil oideachasúil seo bunaithe ar ghnáthchoincheapa matamaitice; próisis, uimhir, tomhais, cruth & spás, láimhseáil sonraí.

Beidh comhbhá ag lucht féachana óg leis na carachtair agus rachaidh siad ar thuras foghlama le nasc a dhéanamh idir coincheapa na matamaitice agus an gnáthshaol.

Tá Clean Slate TV ar lorg aisteoirí idir óg agus aosta le páirt a ghlacadh sa tsraith a bheidh ar fáil ar TG4 Foghlaim chomh maith le Cúla4 agus maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scaileáin Thuaisceart Éireann.

Beidh ardchaighdeán Gaeilge Chúige Uladh de dhíth ar na haisteoirí sna rólanna ar fad.

Scannánaíocht na sraithe: Dátaí le cinntiú

Láthair scannánaíochta: Láthair le cinntiú

PRÍOMHCHARACHTAIR:

  • MAT: Buachaill 8-11 bliain d’aois atá iomlán gafa le peil Ghaelach, an-dúil aige a bheith i gcuideachta a chairde, ach nach bhfuil iontach tiománta don scoil. Tá deirfiúr óg aige a chuireann ar strae é mar gheall go bhfuil sí iontach tiarnúil agus an-mhaith ag ábhair scoile.

  • SIÚN: Cailín 8-11 bliain d’aois atá thar a bheith eagraithe, is breá léithe a bheith ag súgradh lena cairde. Tá dúil aici sa pheil Ghaelach. Tá sí iontach tiománta ag an scoil agus ag barr an ranga in achan ábhar. Tá sí thar a bheith tiarnúil, dáiríre agus is maith léithe an lámh in uachtar a fháil ar a deartháir níos sine i gcónaí.

  • CORMAC: Buachaill 8-11 bliain d’aois atá iomlán gafa le peil Ghaelach. An cara is fearr atá ag Mat.

  • MÉABH: Cailín 8-11 bliain d’aois atá iontach eagraithe agus stuama cosúil le Siún in achan rud a dhéanann sí. An cara is fearr atá ag Siún.

  • MAMAÍ: Bean 30-45 bliain d’aois. Máthair ghnóthach, stuama, cairdiúil agus cuidiúil agus í i gcónaí ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dá páisí.

  • DAIDÍ: Fear 30-45 bliain d’aois. Athair gnóthach, dúil aige sa pheil, acmhainn ghrinn mhaith aige, cairdiúil agus cuidiúil agus é i gcónaí ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dá pháisí fosta.
    Beidh mionpháirteanna eile le ceapadh chomh maith.
     

Má tá spéis agat triail éisteachta a dhéanamh déan teagmháil le ceara@cleanslatetv.com

Beimid ag cuartú headshot reatha, seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh maidir le héisteachtaí.

Sprioc: Meánlae ar an 23 Feabhra 2024

CleanSlate.png
bottom of page